Cumann Peile na mBan Naomh Abán
Stair an Chumainn
Bhunaigh Orla Ní Ghealbháin-Gríofa Cumann Peile na mBan Naomh Abán sa bhliain 1994. B'é an comórtas Fé-16 an chéad chraobh Chontae a bhuaigh na cailíní i 1998, i gCill Mhíchíl in aghaidh Raonaithe Gabriel. Siobhán Ní Bhuachalla a bhí ina captaen an lá sin. As san go deireadh na bliana agus san athbhliain bhuadar comórtas na mionúr, in aghaidh an Domhnach Mór le Fíona Ní Shuilleabháin mar chaptaen.
Bhuadar an comórtas sóisear i gcoinne Raonaithe Gabriel. Tar éis dos na Sóisir Craobh an Chontae a bhuachaint, thugadar aghaidh ar fhoireann ó Luimneach agus bhuadar. Bhíodar i gCraobh na Mumhan ansin i gcoinne fhoireann na Claise Móire ó Phort Láirge. Le Máire Ní Chorcora ina captaen, bhí Craobh na Mumhan agus Craobh an Chontae buaite acu. Sa bhaile i bpáirc Choláiste Iosagáin a bhuaileadar le hAchadh na Muileann ó Chontae Mhuineacháin. Cluiche ceathrú ceannais na hÉireann a bhí ann. Bhuaigh Naomh Abán le trí chúilín.
I rith an ama seo b'iad Nóirín Ní Loinsigh, Nollaig Ó Scanaill agus Pádraig Ó Súilleabháin a bhí i bhfeighil ar an bhfoireann. Foireann ó Chontae Liatroma, Achadh Mhaoileann, a bhí os a gcomhair sa chéad chluiche eile. Ag deireadh an chluiche bhí na fóirne ar comhscór, ach i ndiaidh am breise ba le Naomh Abán an lá. Anois bhíodar ar a slí go Biorra chun tabhairt faoin gcluiche ceannais in aghaidh Cuailgne ó Chontae Lú. Ar an 29ú Samhain 1998, a chuaigh Naomh Abán chun páirce i gcoinne Cuailgne. Ní raibh an t-ádh leo sa deireadh, agus bhí an bua ag Cuailgne. Cuailgne 2-8 Naomh Abán 3-3 an scór a bhí ann.
Anois bhí sé chomórtas buaite ag cailíní Naomh Abán, comórtaisí chontae Fé-16, Fé-18 agus Fé-21, craobh sóisear an chontae agus na Mumhan, an chraobh Sraithe Sóisir agus an chraobh Idirmheánach. Anuas ar sin roghnaíodh Fíona Ní Shúilleabháin ‘na h-imreoir óg na bliana agus bhí Caroline Ní Chárthaigh ina captaen ar fhoireann mionúirí Chorcaí a bhuaigh ar Chiarraí i gCraobh na Mumhan. Leanadar ar aghaidh an bhliain ina dhiaidh sin chomh maith, agus shroich an fhoireann chéanna cluiche leathcheannais na hÉireann Idirmhéanach i gcoinne Cuailgne arís. D'ímríodar an cluiche seo i bPáirc Uí Chuana i gCill na Martra, ach níor éirigh leo an bua a bhaint amach an lá sin ach an oiread.
I 2003, faoi stiúr Diarmuid ‘Free' Ó Loinsigh, Pádraig Ó Suilleabháin agus Tomás Ó Criodáin, bhuaigh an fhoireann Idirmhéanach Craobh an Chontae i gcoinne Baile Chaisleáin Bhéarra. Le Siobhán Ní Bhuachalla mar chaptaen, thángadar trasna ar fhoireann ó Phort Láirge, Cappawhite i gCraobh na Mumhan. Imríodh an cluiche seo sa seanpháirc i Mala, arís d'éirigh leo sa chluiche seo agus bhí craobh na Mumhan buaite acu.
Ar aghaidh leo go cluiche leathcheannais na hÉireann. Turas stairiúil a bhí anseo, nuair a thaisteal an fhoireann agus a lucht leanúna ar bhus go Contae Dhoire, chun foireann an Ghleanna a imirt. Bhí na cailíní dhá chúilín chun deiridh agus an t-am istigh, ach d'imir an réiteoir cúpla nóiméad sa bhreis agus fuair cailíní Naomh Abán cic pionóis. B'í Katie Ní Loinsigh a thug faoin gcic pionóis agus chuir sí sa líontán é. Bhí an bua ag Naomh Abán le cúilín amháin. D'fhágadar an Gleann leis an mbua agus le Jerry Free ag canadh in ard a ghutha!
Faoi dheireadh, bhí an fhoireann thar n-ais i gCraobh na hÉireann arís - an uair seo i gcoinne Naomh Páirnéil ó Londain. I gCúil an tSúdaire, Co. Laoise a thugadar aghaidh ar an bhfoireann ó Londain i mí na Nollag. Bhuaigh cailíní Naomh Abán le ceithre chúilín agus lean an ceiliúradh ar feadh i bhfad tar éis dóibh corn idirmhéanach Chraobh na hÉireann a thabhairt abhaile.
Ó shin i leith tá an cumann ag glacadh páirt i gcomórtaisí Fé-12, Fé-14, Fé-16, Mionúr, Fé-21 agus Idirmheánach, agus táid ag súil le roinnt comórtaisí a bhuachaint i mbliana.