STAIR NAOMH ABAN BAILE BHUIRNE

Craobh Idirmheánach Chorcaí
1977, 1999
Sraith Idirmhéanach Chorcaí
1974, 1996, 1998
Corn Tom Creedon
1996, 1998
Comortas Peile na Gaeltachta1975, 1979, 1980, 1981, 1982, 2000,2003, 2005

Craobh Soisir Mhuscraí

1928, 1967, 1970, 1971, 1973, 1988
Craobh Soisir Chorcaí
1973, 1988
Craobh Soisir B Mhuscraí
1971, 1995
Craobh Soisir C Mhuscraí
1996, 2007, 2009
Fé 21 Mhuscraí1965, 1966, 1967, 1968, 1969, 1973,
1976, 1980, 1987, 1995

Mionúir Mhuscraí

1965, 1966, 1967, 1981, 1992, 1993,
1996, 1997, 2010
Craobh Fé 16 Chorcaí

2004

 

Tá an Cumann suite i bParóiste Baile Mhúirne i nGleann an tSúláin, ar mhór bhóthar Mhaigh Chromtha – Cill Áirne, ar an taobh thoir den dteorainn. Tá dhá pháirc imeartha – Páirc Naomh Abán agus ceann nua, Páirc an Choláiste idir an dá chuid den sráidbhaile. Bogach a bhí sa chéad pháirc – an Portach Rua – ach le cabhair áitúil triomaíodh an talamh, leagadh amach faiche breá féarmhar, le seomraí feistis agus falla. Ar an 25ú Feabhra 1979 ag an oscailt oifigiúil nocht Conchúr Ó Murchú, Uachtaráin C.L.G. leacht; Páirc Abán, i gcuimhne Chonchúir Uí Luasa. D’imir Ciarraí agus Corcaigh i gcluiche dúbhshláin. Tá páirc nua ag an Cumann suite in aice le Colaiste Íosagaín - Páirc an Choláiste, áit a bhfuil forbairt mór déanta ó 2007 ar aghaidh.

Ceanntar Gaeltachta an ceanntar agus tá cáil air sa cheol, sa litríocht, agus san amhránaíocht. Cabhraíonn an club leis an dtraidisiún sin a choimead agus bíonn baill páirteach ins na gnéithe éagsula.

Tá gaisce deanta ag go leoir imreoirí Naomh Abán leis na blianta. Tá bonn Sigerson ag Mícheal Ó Scanaill agus Donal Óg Ó Liatháin. Tá buinn Comórtais an Bhóthair Iarainn agus Craobh Sinsir Mumhan, ag Ó Scanaill chomh maith. Ta bonn sraithe ag Jerry Ó Loingsigh. Tá buinn Mionúir Fé-21 agus Soisir Uile Éireann buaite ag a lán imreorí. Tá buinn uile Éireann mionúir buaite ag Diarmaid Mac Cárthaigh agus a mhac Jonathan.

Bhuaigh Antaine Ó Loingsigh bonn sinsir uile – Éireann i 2010. D’imir Antaine agus Micheál Ó Croinín le cheile i Cluiche Cheannais na hÉireann i 1999. Chaith an bheirt acu an cuid is mo do no blianta ina dhiadh son í ngeansaí an Chontae. Bhain Antaine an ghradam “All-Star” amach ar dhá ócáid, is d’imir sé leis an foireann Idirnáisiúnta in aghaidh an Ástráil.

In iomlán, d’imir na daoine seo ar fhoirne Chorcaí:

Tadhg Ó Tuathaigh, Dónal J Ó Loingsigh ins na fichidí, Gearóid Ó Laoire ins na dachaidí. Ba ins na seascaidí a thosnaigh a lán imreoirí dá bpiocadh don Chontae. Sinsir: Diarmuid (Jerry) Ó Luasa, Diarmaid Mac Carthaigh, Mícheál Ó Scanaill, Diarmuid Ó Loingsigh, Mícheál Ó Críodáin, Jonathan Mac Carthaigh, Antaine Ó Loingsigh, Tadhg Ó Murchú, Mícheál Ó Croinín.

Mionúir: Seán Ó hAlmhain, Jerry Ó Loingsigh, Antaine Ó Loingsigh, Diarmaid Mac Carthaigh, Jonathan Mac Carthaigh, Micheál Ó Scanaill, Séan Ó Mulláin, Tadhg Ó Murchú, Peadar Ó hEalaithe, Dónal Ó Croinín, Micheál Ó Croinín, Mícheál Ó Tuama.

Fé21: Diarmuid Ó Luasa, Diarmaid Mac Carthaigh, Antaine Ó Loingsigh, Jonathan Mac Carthaigh, Micheál Ó Criodáin, Micheál Ó Scanaill, Tadhg Ó Murchú, Jerry Ó Loingsigh, Donal Ó hEalaithe, Peadar Ó hEalaithe, Séan Ó hAlmhain, Liam Ó Fuaráin, Liam Mac an Mhaoir, Donal Ó Croinín, Micheál Ó Croinín, Colmáin Ó Tuama, Micheal Ó Laoire.




Our sponsors